Seachtain na Gaeilge!

Seachtain na Gaeilge DIT 2015

Le buíochas do Ghráinne Ní Bhreithiún, Oifigeach na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Baile Átha Cliath.

Ag an am seo den bhliain le Lá Fhéile Pádraig ag druidim linn, tá suim i gcultúr na hEirinn ag scaipeadh  ar fud an domhain. Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seol agus is sárseans atá inti do chuid Gaeilge a chleachtadh. Laistigh de DIT,  tháinig ceoltóirí áitiúla ar an Máirt go dtí Gráinseach Ghórmáin, is eagraíodh lón trí Ghaeilge i Sráid Aungier ar a haon a chlog inniú. Seans a bhí ann do dhaltaí agus múinteoirí Ghaeilge araon meascadh agus d’éirigh go maith leis.  Ar an Déardaoin beidh Pauline Devine ag seoladh leabhar nua  do pháistí i nGráinseach Ghórmáin ag a dó a chlog. Bronntanas deas b’fhéidir ar son iníon nó mac, nia nó neacht. Críochnóidh na himeachtaí ar an Aoine le brioscaí agus comhrá i Sráid Bolton ag a haon a chlog.

Tá imeachtaí ar siúl thar timpeall na cathrach agus b’fhiú d’éinne le roinnt ama le spáráil acu freastail ar ócáid nó dhó.

Tá liosta de na hócáidí foilsithe ag Tuairisc.ie agus is cinnte go bhfuil éigin ann do ghach éinne. Tá léir mór imeachtaí le teacht, rudaí neamh-comónta ina measc, leithéid ceardlann dearadh pláta nó cupán agus drámaí puipéad i nGaeilge. Ní chríochnóidh na hócáidí go dtí an naoú lá déag den mhí seo agus níos déanaí sa mhí beidh turas trí Ghaeilge timpeall Reilg Glasnaíon, ceardlann leis an údar Aine Ní Ghlinn, ceolchoirm, lá Gaeilge sa Dáil agus Oíche Fhilíochta i measc go leor rudaí eile. Má tá iphone nó Android agat, ná déan dearmaid an ‘app’ le haghaidh Seachtain na Gaeilge a íoslódáil. (Itunes nó Google Play). Agus ag deireadh thiar thall a chairde, ná bí imníoch bhur n-ócáidí féin a eagrú. Bí ag labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair a chloig nó déan cumarsáid ar facebook trí Ghaeilge ar feadh na seachtaine. Eagraigh oíche amach trí Ghaeilge. Pé rud a dhéanann tú bain sult as!

PóstaerOnaGSeachtainNaGaeilge2015

Le Sinéad Nic Gearailt.

Tell us your thoughts...

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s