Road to the Rising

 

 

11080770_1573540816238600_2593684568143156042_ohttps://www.youtube.com/watch?v=zO7wh_kwfrI

le Sinéad Nic Gearailt

Ar an Luain seo chaite, d’fhreastail tuairim is 50,000 daoine isteach sa chathair, áit a bhí ‘Road to the Rising’ faoi lán seol. Bhí an lá bunaithe ar an saol mar a bhí sa bhliain 1915, rud a bhí suimiúil ann féin toisc gur chuir sé béim ar an gCéad Chogadh Domhanda is an bhfeachtas Suifraigéid. Bhí am chlár leagtha amach le drámaí, léachtanna agus ceolchoirm san áireamh agus laistigh den GPO bhí cuairteoirí ábalta taighde a dhéanamh ar baill chlainne agus an saol lena raibh siad gafa i 1915. Timpeall na cathrach bhí daoine, mná ach go háirithe, gléasta mar a bheadh contrapháirteanna leo i rith na hama.

Le taispeántais leagtha amach ar pháirt saighdiúrí Eireannacha sa Chéad Chogadh Domhanda, mar shampla i Gallipoli, bhí na sluaite baillaithe timpeall lár Sráid Ó Chonaill ag labhairt faoi firící nár thuig siad cheanna. Ag tarraingt mórán árd bhí tram ceilliúratha uaidh Iarsmalann Náisiúnta Iompair na hEireann. Ar an dtaobh amuigh den tram bhí an sluán cáilliúl, ‘Votes for Women’ agus ar an gcúl bhí litreacha crochta a scríobhadh go gearrad i ndiaidh an tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Eadair.

Bhí páirt lárnach ag Amharclann na Mainistreach ar an lá. Bhí ceardlanna léamh filíochta, ag comóradh an tréimhse, agus féachaint  siar ar litríocht a tháinig ón am chomh maith. I ndiaidh léacht dar teideal, ‘In search of the Rabble’, d’éirigh liom labhairt le Mary Harrington, scrúdaitheoir de chuid Institiúd Teicneolaíochta Atha Cliath. Bhí teachtaireacht aicí le haghaidh mná ach go háirithe, maidir le luachanna na 1900, ar fiú smaoineamh orthu anois ag teacht chomh fada leis an Reifreann.

Deis iontach a bhí anseo an stair a mhaireachtáil agus níor tháining sé roimh ama. Tá mé ag súil le rudaí móra uaidh ceilliúradh 2016. Feicfidh mé ann sibh.

Leave a Reply